CROIDHE CAINNTE CHIARRAIGHE

Treoracha faoi conas feidhm a bhaint as an bhfoclóir

1. Roghnaigh focal.


Tógaimis an focal éagsamhlacht mar shampla. Seo mar a fheictear ar dtús é.


An focal éagsamhlacht

2. Brúigh an cnaipe +.

An cnaipe leis an gcomhartha móide

Leathnófar an bosca. Seo mar a fheicfear é.

An focal éagsamhlacht ar oscailt

Seo míniú ar na míreanna éagsúla atá le fáil i ngach bosca.


Eolas faoi na míreanna éagsúla sa bhosca éagsamhlacht

3. Brúigh an ceannfhocal.


Athrófar an litriú (éagsamhlachtéagsúil) agus athrófar freisin dath an fhocail — dubhuaine.


An ceannfhocal tiontaithe

4. Brúigh an sainmhíníú/na sainmhínithe.


Athrófar an litriú agus athrófar freisin dath na bhfocal — dubhuaine.


Na sainmhínithe tiontaithe

5. Brúigh na habairtí samplacha ceann ar cheann.


Athrófar an litriú agus athrófar freisin dath na bhfocal — dubhuaine.


Na samplaí tiontaithe

6. Brúigh "Fill ar an litriú bunaidh" chun an litriú bunaidh a fheiceáil arís.

An cnaipe chun filleadh ar an litriú bunaidh

A luath is a bhrúfar "Fill ar an litriú bunaidh", feicfear an litriú mar a bhí sé ag an tús. Beidh gach focal dubh arís.


Bosca an fhocail ar oscailt

7. Brúigh an cnaipe X chun bosca an fhocail a dhúnadh.

An cnaipe dúnta

Sin é! Tá sé chomh furasta lena bhfaca tú riamh.